BUY A BRICK - SUPPORT OUR FUTURE!

STAIR

Sa bhliain 1985 tháinig grúpa tuismitheoirí ó Dhomhnach Seachnaill, Dhroim Rí agus Chúil Mhaoilín le chéile chun oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar dá gcuid páistí óga. I Lúnasa na bliana sin ceapadh Breandán de Bhál mar Phríomhoide ar an scoil nua seo.

Agus Siobhán Cartúir ceapaithe, d’oscail an scoil le daonra de 38 páiste i bhfoirgnimh réamhdhéanta sealadacha le dhá rang, Naíonáin Shóisearach faoi chúram Shiobháin agus rang meascaithe de Naíonáin Shinsearacha, Rang 1 agus Rang 2 ag Breandán. Tháinig an-mhéadú ar líon na bpáistí thar na blianta agus osclaíodh foirgneamh nua na scoile sa bhliain 1996.

I láthair na h-uaire tá sraith iomlán ranganna sa scoil agus foireann de 12.  D’éirigh Breandán as mar Phríomhoide i mí Meitheamh 2016 agus cheapadh Rónán Mac Giolla Ruaidh mar Phríomhoide i mí Lúnasa 2016.

[give_form id="8379"]