SEACHTAIN AN CHAIRDIS 2017

Bhí Rang 4 ag canadh amhrán Bruno Mars inniú ar scoil. Féach ar an ealáin a rinne siad freisin.

COUNT ON ME

Bhíomar ag canadh amhrán Bruno Mars inniú ar scoil

COUNT ON ME

SEACHTAIN AN CAIRDIS

Beidh Seachtain an Chairdis á cheiliúradh againn an tseachtain seo. Díríonn an imeacht bhliaintúil seo ar an dóigh gur féidir le gach duine i nGaelscoil na Ríthe a chinntiú gurb áit sona, sábháilte í ár scoil. Déantar iniúchadh ar cheist na bulaíochta ó dhearcadh na bpáirtithe éagsúla -an bulaí, an t- íobartach, an finné. Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl sna ranganna i rith na seachtaine le béim curtha ar bheith dearfach agus cinéalta le chéile.

The school will celebrate Friendship Week this week, 13th – 17th  February. This annual event focuses on how each person in Gaelscoil na Ríthe can ensure that our school is a happy and safe place for all. The issue of Bullying is examined in depth and the roles and perspectives of all parties to bullying – bully, victim and bystander, are teased out. The children will be asked to focus on being positive and kind to each other.

Is nascanna maithe iad seo a leanas ar théama na bulaíochta. Is suíomhanna idirnáisiúnta iad seo ach gheobhaidh tú comhairle maith iontu. Here are some good links on the theme of Bullying for parents and children. While most are  international websites there is good advice available here.