Posts by Gaelscoil_Na_Rithe
Cispheil
Bhí cailiní agus buachaillí Rang 6 ag imirt cispheile inniú i gcoinne Scoil Éanna ón Uaimh. Bhí mí-adh ar na cailiní a chaill ach bhí comhscór i gcluiche na mbuachaillí. Maith sibh go léir!
Read MoreSeachtain an Chairdis – Friendship Week
Beidh Seachtain an Chairdis á cheiliúradh againn an tseachtain seo. Díríonn an imeacht bhliaintúil seo ar an dóigh gur féidir le gach duine i nGaelscoil na Ríthe a chinntiú gurb áit sona, sábháilte í ár scoil. Déantar iniúchadh ar cheist na bulaíochta ó dhearcadh na bpáirtithe éagsúla -an bulaí, an t- íobartach, an finné. Beidh…
Read MoreDeich @ 10
Bhí na ranganna gnóthach ar maidin ag a deich a chlog …..
Read MoreGaeilgeoirí na Míosa
Seo buaiteoirí Gaeilgeoir na Míosa do Mhí na Nollag agus Mí Eanáir. Táimid thar a bheith bródúil as na páistí go léir sa scoil agus an iarracht atá á dhéanamh acu an Ghaeilge a labhairt. Maith sibh!
Read MoreLá Fhéile Bhríde i Rang a 2
Léigh Rang a 2 scéalta faoi Naomh Bríd. Mhaisigh siad brat Bhríde agus rinne siad crosóga Bhríde.
Read MoreLá na Seantuismitheoirí
Bhí an halla lán go doras ar maidin an 1ú Feabhra, bhíomar ag céiliúradh Lá Fhéile Bríde le cuairteoirí an- speisialta, ár seantuismitheoirí! Bhailíomar le chéile sa halla agus bhí seirbhís beag againn le paidreacha, dánta scéalta agus iomann. Ba sheans iontach é ár ngrá agus ár mbuíochas a thaispeáint d’ár seantuismitheoirí. Gabhaimíd buíochas leis na…
Read MoreSeachtain na Scoileanna Caitliceacha
Mar aon le an-chuid scoileanna eile ar fud na tíre táimid ag ceiliúradh Seachtain na Scoileanna Caitliceacha an tseachtain seo. Chuireamar tús leis an seachtain ar an Luan le seirbhís úrnaí. Ar an gCéadaoin beidh Lá Fhéile Bríde, tús an Earraigh, agus beidh na ranganna ar fad ag foghlaim faoi Naomh Bríd. Freisin is é an…
Read MoreCiorcal Cainte
A Chairde, Bíonn Ciorcail Cainte (neamhfhoirmiúil) ar siúl i nDomhnach Seachnaill gach seachtain: Cathain: gach Luan ag 8 i.n. Cén Áit: An Arch Bar Bígí linn! Is cuma cén léibhéal Gaeilge atá agat – cúpla focail nó líofa Bíonn fáilte roimh chách! Cur glaoch ar Fhiona ar 086 2335826 (Are you interested in practising your…
Read MoreBailiúchán Éadaigh – Clothing Collection
GAELSCOIL NA RÍTHE – CAIRDE FUNDRAISER Bailiúchán Éadaigh Unwanted Clothing Collection Seo bealach éasca chun airgead a bhailiú ar son na scoile, ní gá ach do chófraí a ghlanadh amach! Please donate all your clean unwanted re-usable clothes also bed linen (no quilts), towels, curtains, paired shoes, bags, belts and soft toys. We will earn…
Read MoreNaíonáin Shóisearacha – Junior Infants
Bhí rang Naíonáin ag bácáil inniú!!
Read More