NAÍONRA

NAÍONRA

‘Séard atá i gceist le Naíonra ná grúpa a thagann le chéile ar feadh 3 uair a chloig gach lá idir 8.50 r.n. agus 11.50 r.n. ón Luan go dtí an Aoine. Tá cinneadh glactha ag an Naíonra clárú leis an scéim saorbhliain réamhscolaíochta.

Bíonn dhá phríomhaidhm ag an Naíonra:
cuidiú leis an bpáiste é/í  féin a fhorbairt ar gach slí;
cuidiú leis an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú nó a chumas labhartha sa Ghaeilge a chur chunn cinn agus í  a úsáid mar ghnáth theanga chumarsáide.

Bíonn réimse fairsing gníomhaíochtaí agus cluichí ar siúl ag an bpáiste sa Naíonra, ag imirt le gaineamh agus le huisce agus ag súgradh le bréagáin oiriúnacha agus trealamh Montessori.  Cuirtear béim ar an ealaíon agus ar an gceardaíocht.. Déantar réamhobair don léitheorieacht, don scríbhneoireacht agus don mhatamaitic.  Is í an Ghaeilge amháin a úsáideann an Stiúrthóir chun é seo go léir a dhéanamh leis na páistí.

Tá an Naíonra ar chúl Gaelscoil na Rithe  ar thaobh na láimhe deise. Tá cead dul i dteangmhál le Caitlín ar 087 902 7382, nó ríomhphost – naionracaitlin@gmail.com Beidh fáilte mór romhat má bhuaileann tú isteach.

girl-kids-training-school-159782