Cluiche Ceannais sa Pheil Ghaelach

Tá éacht déanta ag na foirne peile i mbliana! Tá  foireann na gcailíní tríd go dtí an cluiche ceannais i bPáirc Tailteann ar an Aoine 22ú lá de mhí na Samhna ag 1.30 i gcoinne Kildalkey. Seo an chéad bhliain ó bunaíodh Gaelscoil na Ríthe go bhfuil foireann na gcailíní sa chluiche ceannais. Is éacht mhór é seo agus ba mhaith linn lucht tacaíochta a
fhéiceáil ann ar an lá idir tuismitheoirí agus daltaí. Beidh busanna ag tógáil páistí ó Rang 3 go 6 chuig an gcluiche.

Táimid an-bhródúil astu!

Posted in

Leave a Comment