Mion Eolaithe i Rang 5

Ghlac Rang 5 páirt i gcomórtas Intel Mini Scientist 2019. Bhí ar na páistí iad féin a eagrú i ngrúpaí agus ceist eolaíochta a fhiosrú. Ba dhúshlán é seo ach d’éirigh go han mhaith leo. Bhí béim leagtha ar scileanna eagrúcháin, scileanna fiosrúcháin, scileanna tástálacha agus scileanna measúnaithe. Rinneadar tionscnaimh ar phlainéidí, péisteanna, oigheann muiríneach, painéil gréine, solas i dteach lego, méarloirg, brathadóir aibíochta, Orbeez, an púdar níocháin is fearr agus balún aer the.

Tháinig moltóir as Intel le breathnú ar na tionscnaimh ar an Mháirt. Chaith sí uair go leith le na páistí ag éisteacht le cur i láthair ‘s acu. Ansin cheistigh sí iad mar gheall ar a gcuid bealaí oibre agus torthaí a gcuid tionscnaimh. Bhí ard mholadh aici don chur i láthair ar fad. Ar deireadh roghnaigh sí dhá thionscnaimh le cur ar aghaidh chuig an gcomórtas réigiúnach in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i mí na Nollag. An chéad cheann a roghnaigh sí ná ‘Conas mar a oibríonn Orbeez?’ le Donagh, Senan agus Senan. An dara ceann a roghnaigh sí ná ‘Conas mar a oibríonn painéil gréine?’ le Croíagh, Éabha agus Leah. Comhghairdeas mór leis an rang ar fad agus múinteoir Ailbhe as ucht an sár obair eolaíochta.

Posted in

Leave a Comment