Lá Rothaíochta 2020

WOW! Radharc álainn ar maidin is gach duine ag rothaíocht agus scútáil ar scoil! Maith sibh!! Iontach an méad sin páistí a fheiceáil ar rothar agus scútar inniú, míle buíochas a pháistí agus a thuistí, agus múinteoir Fionnuala a chabhraigh an lá a eagrú. Lean oraibh ag rothaíocht agus ag scútáil!

Read More

Damhsa sna bunranganna

Iontach ár iarscoláire Leighann Goodwin ó LG Dance Company a bheith ar ais linn le roinnt seachtaine anuas agus í ag múineadh damhsa do na bungranganna.

Read More

Gaeilgeoir na Míosa

Seo buaiteoirí Gaeilgeoir na Míosa! Táimid thar a bheith bródúil as na páistí go léir sa scoil agus an iarracht atá á dhéanamh acu an Ghaeilge a labhairt. Maith sibh!

Read More

Lá Staire

Bhí dhá lá iontach againn sa Ghaelscoil  le déanaí le Mike Moylan agus a chlár speisialta STAIR BEO. Tá Mike ag teacht go dtí ár scoil le 15 bliana anuas!

Read More

Lá Domhanda na Leabhar

Bhí lá iontach againn inné, bhí lá na leabhar againn! Bhí gléasadh na bpáistí ar fheabhas le gach saghas charachtair againn. Míle buíochas do na tuismitheoirí ar fad a bhí gnóthach ag réiteach cultacha!

Read More

Cuairt na nGardaí!

Bhí cuairteoirí speisialta againn an tseachtain seo Donagh agus Rian, capaill ó marc-aonad an Gharda. Bhain na páistí an taitneamh as! Míle buíochas le Múinteoir Laura agus daideó Cait (R1) agus Cormac (N Bheaga) as an gcuairt a eagrú, agus dár ndóigh na Gardaí a tháinig ar na capaill!

Read More

An Choineartú

Guímid gach beannacht ar pháistí Rang 6 atá ag dul faoi lámh an Easpaig amárach. Míle buíochas le Fr. Sean, Múinteoir Emer agus le gach duine a chabhraigh leo ullmhú don ocáid. Bíodh lá álainn ag gach éinne!

Read More

Rith Tras Tíre

Bhí an lá againn roimh an sos lár téarma ag Fairyhouse ag glacadh páirt sa chomórtas Rith Tras Tíre. Bhí bua iontach ag foireann na mbuachaillí faoi 13 agus Samuel ó Rang 6 sa chéad áit sa rás! An-rith freisin ó Eoghan agus Craig (Rang 4) sa rás faoi 11. Míle buíochas le múinteoir Fionnuala…

Read More

Margadh Cacaí ar son Debra Ireland

Comhghairdeas le Rang 6 agus Múínteoir Emer as margadh cacaí agus crannchur iontach a rith an tseachtain seo. Míle buíochas le gach duine a cheannaigh ticéid nó cáca. Bhailigh Rang 6 €2,241.25 ar an iomlán! Cabhróidh sé seo go mór leis an obair thábhachtach atá ar siúl ag Debra Ireland!  

Read More