Ócáid bhailithe airgid ar son Debra Ireland

Tá Rang 6 ag eagrú ócáid bhailithe airgid ar son Debra Ireland an tseachtain seo chugainn. Beidh crannchur iontach agus díolachán cácaí acu ar an Déardaoin 13/2/2020. Tosóidh an díolachán cácaí ag 11:00 go dtí am dul abhaile. Beidh an crannchur acu ag a 2:00pm sa halla spórt. Fáilte roimh chách a bheith i láthair…

Read More

Bronnadh Boinn don Pheil Ghaelach

Bhí maidin iontach againn le neart geansaithe Contae na Mí le feiceáil nuair a bhronnamar na boinn ar fhoireann peil Ghaelach na gCailíní. Míle buíochas le Colm O’Rourke agus le himreoirí Contae na Mí Cillian Ó Suilleabháin agus Niamh Ní Shuilleabháin as ucht teacht chugainn. Bhain na paistí an taitneamh as.

Read More

Gaeilgeoirí na Míosa

Seo buaiteoirí Gaeilgeoir na Míosa! Táimid thar a bheith bródúil as na páistí go léir sa scoil agus an iarracht atá á dhéanamh acu an Ghaeilge a labhairt. Maith sibh!  

Read More

Tráth na gCeist

Comhghairdeas lenár bhFoirne Tráth na gCeist a ghlac páirt sa Credit Union Quiz san Uaimh aréir. Bhí bua iontach ag Gaelscoil na Ríthe agus táimid tríd go dtí an chéad babhta eile i mBaile Átha Cliath i mí Márta. Buíochas le Múinteoirí Pól agus Caitríona a d’eagraigh na foirne.

Read More

Ficheall

Comghairdeas lenár bhFoirne Fichille a bhuaigh an dá chomórtas Contae na Mí! Bhí bua iontach ag an dá fhoireann scoile, ceann Rang 5/6 agus Rang 3/4. Buiochas le Múinteoirí Pól & Emer a d’eagraigh na foirne.

Read More

Mion Eolaithe 2020

Shroicheamar Ollscoil Mhá Nuad go luath ar mhaidin. Chuamar ar shiúlóid timpeall an campas. Ní raibh a fhios againn cá raibh an foirgneamh! Bhí 24 ghrúpa eolaíochta san iomlán ann. Ba buaiteoirí na comórtaisí reigiúndacha a bhí i gceist. Bhí orainn an cur i láthair ar conas mar a oibríonn na painéil gréine a dhéanamh…

Read More

Lá na Seantuistí 2020

Bhí lá iontach againn inniú, 29ú Eanáir, nuair a tháinig seantuismitheoirí na bpáistí ar cuairt chun na scoile. Bhí searmanas álainn againn sa halla inniú le paidreacha, dánta agus ceol, agus cupán tae & comhrá ina ndiaidh. Míle buíochas leis an tAthair Seán a tháinig chugainn, don fhoireann ar fad, do na pásití a bhí…

Read More

Línte Ghníomhach

Tá an obair ar siúl ag an gCoiste Ghníomhach anseo sa scoil chun Brat Ghníomhach eile a bhaint amach – tá línte ghníomhach againn sa chlós anois. Maith sibh a pháistí!  

Read More