Ócáid bhailithe airgid ar son Debra Ireland

Tá Rang 6 ag eagrú ócáid bhailithe airgid ar son Debra Ireland an tseachtain seo chugainn. Beidh crannchur iontach agus díolachán cácaí acu ar an Déardaoin 13/2/2020. Tosóidh an díolachán cácaí ag 11:00 go dtí am dul abhaile.

Beidh an crannchur acu ag a 2:00pm sa halla spórt. Fáilte roimh chách a bheith i láthair ar an lá. Beidh ticéid don chrannchur ag dul abhaile leis na páistí ar an Luain. Is féidir tuilleadh a fháil am ar bith i rith na seachtaine ar chostas €2 an ticéad agus 3 thicéad do €5. Féachaigí ar na duaiseanna ionatcha atá le buachan!

Freisin beidh Rang 6 ag lorg cabhair don díolachán cácaí, más féidir libh cácaí a sheoladh isteach ar an Déardaoin bheidís thar a bheith bhuíoch. (Bígí cinnte nach mbíonn aon chnónna sna cácaí) Beidh duais do na borróga vailintín is fearr ar an lá!

Míle buíochas, Rang 6 & Múinteoir Emer

 

Posted in

Leave a Comment