Lá Domhanda na Leabhar

Bhí lá iontach againn inné, bhí lá na leabhar againn! Bhí gléasadh na bpáistí ar fheabhas le gach saghas charachtair againn. Míle buíochas do na tuismitheoirí ar fad a bhí gnóthach ag réiteach cultacha!

Read More

An Choineartú

Guímid gach beannacht ar pháistí Rang 6 atá ag dul faoi lámh an Easpaig amárach. Míle buíochas le Fr. Sean, Múinteoir Emer agus le gach duine a chabhraigh leo ullmhú don ocáid. Bíodh lá álainn ag gach éinne!

Read More

Lá na Seantuistí 2020

Bhí lá iontach againn inniú, 29ú Eanáir, nuair a tháinig seantuismitheoirí na bpáistí ar cuairt chun na scoile. Bhí searmanas álainn againn sa halla inniú le paidreacha, dánta agus ceol, agus cupán tae & comhrá ina ndiaidh. Míle buíochas leis an tAthair Seán a tháinig chugainn, don fhoireann ar fad, do na pásití a bhí…

Read More

Oíche Shamhna

Bhí an spórt againn inniú – míle buíochas le na cailleacha as ucht cuairt a thabhairt ar na ranganna agus do na múinteoirí as ucht an seó agus disco a eagrú sa halla

Read More

Slán le Kelvin

Bhí ócáid iontach againn inniú ag déanamh ceiliúradh ar obair Kelvin linn i nGaelscoil na Ríthe. Ní bheidh do leithéid arís ann Kelvin!    

Read More

An Chéad Fhaoistin

Beidh an Chéad Fhaoistin ann ar an gCéadaoin 27ú Márta ag 7.30i.n. An Chéad Fhaoistin do Rang a Dó. Míle buíochas le na tuistmitheoirí, Múinteoir Laura agus An tAthair Declan as iad a ullmhú.

Read More

Seachtain na Gaeilge 2019

Bíonn seachtain na Gaeilge mar bhuachphointe na bliana anseo i nGaelscoil na Ríthe! Seo seans céiliúradh a dhéanamh ar chúltúr agus ar theanga na tíre agus bíonn go leor imeachtaí ar siúl againn. Is breá leis na páistí an seachtain cracieáilte seo mar bíonn sé lán le spórt agus spraoi! Féach ar roinnt grianghraif agus físeán…

Read More

JEP Seóthaispeántas ag Rang 6

Comhghairdeas le Rang 6 agus Múinteoir Emer, tá an-obair déanta acu ar an Junior Entrepreneur Programme. Bhí seóthaispeántas iontach acu innú, míle buíochas le gach duine a chabhraigh leo!  

Read More