iPads Nua!

Tá na iPads nua againn! Anois tá suite de 16 iPads ag an scoil , chomh maith leis an trealamh cuí chun iad a stóráil agus a chúrsáil. Leis an trealamh nua seo, beimid in ann freastal ar rang iomlán an am. Táimid ar bís mar gheall ar na deiseanna foghlama a chuireann taibléid ar fáil, toisc iad a bheith chomh ildána, so-iompraithe agus éasca a úsáid. Bhain Rang 2 triail astu inniú agus bhí na páistí agus na múinteoirí an-thógtha leis an bhfoghlaim gur féidir a dhéanamh leo.

Míle buíochas lenár dtuismitheoirí a thug tacaíocht dúinn an infheistíocht seo a dhéanamh. 

Go raibh míle maith agaibh!

Posted in

Leave a Comment