Cuairt na nGardaí!

Bhí cuairteoirí speisialta againn an tseachtain seo Donagh agus Rian, capaill ó marc-aonad an Gharda. Bhain na páistí an taitneamh as! Míle buíochas le Múinteoir Laura agus daideó Cait (R1) agus Cormac (N Bheaga) as an gcuairt a eagrú, agus dár ndóigh na Gardaí a tháinig ar na capaill!

Read More

Margadh Cacaí ar son Debra Ireland

Comhghairdeas le Rang 6 agus Múínteoir Emer as margadh cacaí agus crannchur iontach a rith an tseachtain seo. Míle buíochas le gach duine a cheannaigh ticéid nó cáca. Bhailigh Rang 6 €2,241.25 ar an iomlán! Cabhróidh sé seo go mór leis an obair thábhachtach atá ar siúl ag Debra Ireland!  

Read More

Ócáid bhailithe airgid ar son Debra Ireland

Tá Rang 6 ag eagrú ócáid bhailithe airgid ar son Debra Ireland an tseachtain seo chugainn. Beidh crannchur iontach agus díolachán cácaí acu ar an Déardaoin 13/2/2020. Tosóidh an díolachán cácaí ag 11:00 go dtí am dul abhaile. Beidh an crannchur acu ag a 2:00pm sa halla spórt. Fáilte roimh chách a bheith i láthair…

Read More

Turas Scoile Naíonáin Mhóra

Chuaigh Rang Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra ar turas scoile inniú go dtí Red Mountain Farm. Chonaic siad neart  ainmhithe feirme agus bhí siad ag súgradh le tarracóirí agus ag spraoi sa páirc súgartha. Bhí an-am acu ar fad!

Read More

Spelling Bee

Comhghairdeas le Scott ó Rang 5 a ghlac páirt sa chomórtas litriú Spelling Bee inné.  Maith thú Scott!

Read More