Páirceáil – Parking

Buíochas leo siúd, idir thuismitheoirí, seanthuistí, feighlithe srl atá ag tacú leis an iarratas i leith cúraim agus tuisceana i dtaobh páirceáil ag an scoil. Ach fós tá roinnt bheag daoine ag leanúint leo ag pairceál sa cheantar ‘set down’agus ag cruthú contúirt. Tá marcanna nua curtha sa cheantar seo ag an gComhairle Contae le deanaí. Cáinim go láidir iad siúd a cheapann go bhfuil sé ceart go leor preabadh isteach is amach as an gceantar. Tá sé i gcoinne an dlí agus tá ciall leis an ordú gan páirceáil ann. Níl rogha againn ag an bpointe seo seachas ár bhfadhbanna a chur in iúl do na Gardaí toisc mí-chúram grúpa beag daoine! Tuigim go mbíonn fadhbanna le páirceáil ag gach scoil agus deacair iad a réiteach agus an oiread sin daoine ag teacht agus ag imeacht ag an am céanna. Tá sábháilteacht na bpáistí níos tábhachtaí ná rud ar bith eile. Más gá páirceáil is féidir carrchlós Comairle Chontae na Mí a usáid.

Posted in

Leave a Comment