Tolg go 5km

Tolg go 5km

Thosaigh Ranganna 3 agus 4 an clár tolg go 5km i mí Eanáir. Is clár deich seachtainí a bhí i gceist. Bhí orthu an rith a dhéanamh gach Luan, Céadaoin agus Aoine.

Thosaigh gach seisiún le téamh suas. Sa chéad seachtain is rith 90 soicind a bhí ann. Cheap formhór na bpáistí nach mbeadh siad in ann an rith a dhéanamh. Ba dúshlán mór é. Tar éis  ceithre seachtainí  bhíodar in ann ritheanna de 5 nóiméid a dhéanamh.

Is i seachtain 5 a d’athraigh rudaí. Bhí orthu dhá rith de ocht nóiméid an ceann a dhéanamh ar an Luan agus an Chéadaoin.  Faoi dheireadh na seachtaine bhí orthu rith de 20 nóiméid a dhéanamh. Le linn an chéad rith fada seo thacaigh na páistí le chéile. Bhí taithí acu a bheith ag rith i ngrúpaí beaga agus spreag said a chéile nuair a tháinig tuirse orthu. Chuir siad ionadh orthu féin.

Ón bpointe sin ar aghaidh tháining athrú meon orthu. Bhí cinntiú le na ritheanna. Chuireadar píosa beag sa bhreis leis an rith i ngach séisiúin agus faoin am a shroicheadar seachtain 10 bhíodar réidh don dúshlán is mó  An 5km. Bhí neart agus cinntiú ag teastáil agus tháispeanadar seo nuair a d’éirigh leo an 5km a rith ar an Luan, ar an gCéadaoin agus arís ar an Aoine.

Bhí ceiliúradh iontach ann don rith deireanach ar an Aoine. Tháinig na ranganna eile amach le tacú a thabhairt . Bhí orthu ceann cúrsa bratach a thrasnú le críoch a chur leis an rith. Comghairdeas mór leo as ucht an éacht seo a bhaint amach.

Thaispeáin Ranganna 3 agus 4 spiorad, neart agus misneach. Tá na múinteoirí ranga an bhrodúil astu. Dá gcuirfí ceist orainn faoi conas mar a bhain siad amach é. Ní bheadh freagair níos fearr ar ná Ní neart go cur le chéile.

 

Agallamh le Ava Ní Chárthaigh Rang 3

Mí Eanáir a bhí ann nuair a thosaíomar ag rith. Bhí ritheanna 90 soicind le déanamh againn ar dtús.  Rinneamar na sínte sula ndearnamar aon rith. Bhí sé deacair le tosú leis. Tar éis cúpla seachtain d’éirigh sé níos éasca. Bhí sé an spraíuil. Rinne mé iarracht éisteacht le treoracha agus rith gan stad nuair a d’inis an treoraí dúinn sin a dhéanamh.

Bhí tuirse orm tar éis bheith ag rith, ach ar an iomlán mhothaigh mé níos fearr. Bhí díriú ar an obair ranga  i bhfad níos fearr tar éis bheith amuigh.

Is maith liom bheith ag rith anois. Tá feabhas orm ag rith.

 

Agallamh le Éabha Ní Chríbbín Rang 4

Bhí am iontach againn go léir . Bhí mé ag ceapadh ar dtús go raibh mé in ann 5k a dhéanmh in 5 nóiméid ach tar éis tamall chonaic agus mhóthaigh mé go raibh sé deacair go leor . Thosaimid go mall agus ansin d’éirigh muid níos tapúla. Bhí mé ar dearg-buile nuair a bhí orm stopadh le linn an rith . Ar an lá deirneanach bhí gach duine ar bís . Dúirt na Múinteoirí go raibh cead againn ár néadaí féin a chaitheamh . Rinne na Múinteoirí cóisir dúinn . Táimid buíoch de na múinteoirí Caitlín agus Ailbhe , rinne siad iarracht iontach . Bhain muid sult mhór as.

Go raibh maith agat .

Leave a Comment